Cad is CSE ann?
Tá CSE ar cheann de na príomhionstraimí maoinithe a bhaineann le fostaíocht atá i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach (AE). Cuireadh an Ciste ar bun sa bhliain 1957 mar chuid de Chonradh na Róimhe agus tá sé ag feidhmiú le seasca bliain anuas chun feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta laistigh den Aontas Eorpach, chun fostaíocht a chur chun cinn agus chun soghluaisteacht a mhéadú.
Cad iad na príomhthosaíochtaí atá ag CSE?
Is é an tosaíocht uileghabhálach atá ag CSE ná maoiniú a chur ar fáil do thionscadail lena dtéitear i ngleic le ceithre dhúshlán mhóra, is iad sin: fostaíocht, cuimsiú sóisialta, oideachas agus seirbhísí poiblí.
Áirítear iad seo a leanas le tosaíochtaí sonracha an Chiste:
- oideachas níos fearr a sholáthar do dhaoine óga;
- an bhearna a dhúnadh idir an scoil agus an obair;
- inoiriúnaitheacht oibrithe a mhéadú;
- feabhas a chur ar rochtain ar an bhfostaíocht;
- cabhrú le daoine óga forbairt a dhéanamh ar na scileanna atá á lorg sa mhargadh saothair;
- cuimsiú sóisialta a chur chun cinn do ghrúpaí imeallaithe;
- cabhrú le daoine faoi mhíbhuntáiste éalú ón mbochtaineacht tríd an obair;
- feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí.
Cén dóigh a bhfeidhmíonn CSE?
Feidhmíonn CSE i gcomhpháirt le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha i mBallstáit AE, agus maoiniú á sholáthar dóibh dá gcláir CSE (a dtugtar Cláir Oibriúcháin orthu go hoifigiúil). Is trí na cláir a dháiltear an maoiniú seo ar thionscadail atá ar siúl ina dtír nó ina réigiún féin. Is ar shaibhreas coibhneasta an Bhallstáit a bhíonn an leibhéal maoinithe a sholáthraíonn CSE bunaithe.
Cad iad na nithe a dtacaíonn CSE leo?
Tugann CSE maoiniú do na mílte tionscadal ar fud na hEorpa, idir thionscnaimh ar scála beag lena dtacaítear le daoine ar leibhéal áitiúil agus scéimeanna náisiúnta lena ndírítear ar raon leathan grúpaí sa tír. Cé nach ionann méid, ábhar agus aidhmeanna do gach tionscadal, is ar dhaoine a bhíonn gach ceann díobh dírithe.
Soláthraíonn an Ciste tacaíocht airgeadais do chláir de chuid an Choimisiúin Eorpaigh freisin. Ina measc sin, tá an Tionscnamh Fostaíochta don Ógra agus an Scéim Ráthaíochta don Aos Óg. Bíonn an dá chlár sin ag tacú le daoine óga chun a gcuid a scileanna a fhorbairt, taithí a ghnóthú agus dul isteach sa mhargadh saothair den chéad uair.
Conas is féidir leat páirt a ghlacadh ann?
Más eagraíocht thú atá ar lorg maoiniú chun tionscadal fostaíochta a sheoladh, ní gá duit ach teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Bainistíochta CSE i do thír nó i do réigiún chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Is féidir le daoine óga ar spéis leo páirt a ghlacadh i dtionscadal arna mhaoiniú ag CSE tuilleadh faisnéise a fháil trí theagmháil a dhéanamh lena nÚdarás Bainistíochta CSE nó trí chuairt a thabhairt ar láithreáin ghréasáin náisiúnta agus réigiúnacha CSE. Is féidir leat faisnéis an-úsáideach a fháil ón tseirbhís fostaíochta phoiblí is gaire duit freisin.
Rinneamar mionscrúdú le déanaí ar an Scéim Ráthaíochta don Aos Óg agus ar a bhfuil le tairiscint aici do dhaoine óga, do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí. Is féidir leat an mionscrúdú sin a léamh chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin Scéim. Mar an gcéanna, féachtar inár n-alt ar Erasmus+ ar cheann amháin de na príomhchláir atá i bhfeidhm ag an gCoimisiún Eorpach don oideachas, don chultúr, don óige agus don spórt.
Naisc ghaolmhara:
Tionscnamh Fostaíochta don Ógra
Teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Bainistíochta CSE i do thír nó i do réigiún
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoir EURES
Dálaí oibre agus maireachtála i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
EURES ar Google+
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 12 Meitheamh 2017
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / FiontraíochtLeideanna agus MoltaíNuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachtaTreochtaí earcaíochtaÓige
- Earnáil
- Accomodation and food service activitiesActivities of extraterritorial organisations and bodiesActivities of households as employers, undifferentiated goods- and servicesAdministrative and support service activitiesAgriculture, forestry and fishingArts, entertainment and recreationConstructionEducationElectricity, gas, steam and air conditioning supplyFinancial and insurance activitiesHuman health and social work activitiesInformation and communicationManufacturingMining and quarryingOther service activitiesProfessional, scientific and technical activitiesPublic administration and defence; compulsory social securityReal estate activitiesTransportation and storageWater supply, sewerage, waste management and remediation activitiesWholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles